School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 094
- XML “An Mála Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis é a bhualadh go maith. Dhein an siúinéir rud air agus tar-éis tamaillín dúbhairt sé "Tá a dhóthain fachta aige dá mbé a diabhal féin abhí ann" "Agus sé atá ann leis" arsa Seán. "Tabhair anso chúgham arís é" ar seisean "agus tabharfad tuile dho". Thug Seán do é agus ba dhóbair do é a mharbhúghadh ar fad.
Chuaidh sé go dtí an muilneóir agus do mheil sé é agus tháinig sé amach na blúiríní beaga ach tar éis focal ó Sheán do cheangail sé le chéile airís. Thóg sé go dtí bárr an chnuic agus leig sé do tuitim síos go bun an chnuic. Tháinig Seán anuas chuige agus d'iarr sé air an raibh sé marbh fós, níor fhreagair an diabhal in-aon-chor é. Dubhairt Seán leis go dtabharfadh sé an rud céadna arís do muna fhreagróchadh sé é. Ansan dúbhairt sé "Ó Táim."
D'iarr an diabhal ar Sheán é leogaint amach as an mála agus ná feicfeadh sé é go bráth airís. Leog Seán amach é ar coingíoll ná feicfeadh sé go bráth arís é. D'imthigh an diabhal. Tar-éis tamaillín fuair Seán bás agus chuaidh sé suas ar neamh, agus bhuail sé cnag ar dhoras neimhe agus tháinig Naomh Peadar amach chuige agus ní leogfadh sé isteach é. Ansan chuaidh Seán síos go h-ifreann agus do h-oscaluigheadh an doras do ach nuair a chonnaic an diabhal cé bhí ann do rith sé uaidh.(continues on next page)- Informant
- Seán Ua Luasaigh
- Gender
- Male