School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 135](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_135.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 135
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis dul ag marcaidheacht. air. Do ghluaiseadar go léir lé na linn d'eirig na capaill agu as go bráth leó, bhí Séamus ag gairídhe nuair a chonnaich sé an spórt agus ba dheacair le h-aoinne an saghas cainnte do bhí aca thuisgint. Thánadar go dtí an áit cun an cailín a ghoid. Ghoideadar í, agus thugadar leó go dtí a n-áit féin í.Chuadar go léir isteach abhaile agus d'fhiafhruigheadar d'en cailín ar maith léi bheith anso, agus dúbhairt sí nár mhaith. Dúbhairt Séamus léi an raibh sí pósta agus dúbhairt sí ná raibh, dúbhairt sé léi an bpósfhadh sí é féin agus dúbhairt sí go bpósfadh. D'éaluighdar as an dtig agus do chuadar abhaile agus do bhí an máthair istig sa cistin agus nuair a chonnaich sí Seámus do léim sí le h-áthas agus dúbhairt sí leis an raibh sé pósta leis an gcailín "Nílim ar seisean "ach tíám chun í a phósadh."Do phósadar ansann agus do mhaireadar go suaimhneasach.
- Informant
- Ristéard Mac Suibhne
- Gender
- Male