School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 244
- XML “An Scéal Umhlaíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sí an sgéal umluigheacht beannuighthe d'fhág an Maighdean Muire scríbhthe ar lic na tuama aisling a thuama, a tháinig ag fiosrúghadh a Mic agus a mhór-ghradh féin. Nuair a fuair sé an tuama follamh roimpe do scríobh sí go fór leitheadamal á innsint go fór leitheadamhail an té a d'onóireadh í agus do coiméadfadh i mar baoghal de breóidteacht mhór, bádhadh fairrge codladh amuich, arm teine do ropairt air ná gan an tig na mbeadh do dóghadh go brach.
Ná mná óga so beadh i dtrioblóid leinbh d'fheóradh sí ortha gan amhras, dá mba gur bhfonn leó í radh nó i gcoiméad na dtímpeall ní tabharfaí aon breith damanta ar an anam, agus do tabharfadh sí an t-anam ó ifreann saor léi.
A mhaighdean tíghearna ró glórmhar na mísleacht agus na neart fé comairce do lámh beannuighthe. Beirim sprid m'anama duit fós mo gníomharta fós mo smaointe bunús gach uile mísleacht i dtobar na trócaire conghnamh na n-óg agus na n-árd aingeal.
Guidhim cúghat go h-úmhal gan mé tréigint aimsire mar an deoch ár mbáis san am gur sgarainn an t-anam leis an gcolann á rádh na mbréithre beannuighthe seo. Amen.- Informant
- Máire Bean Uí Thuama
- Gender
- Female