School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
- XML Page 435
- XML “Sprideanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bí fear ag teacht ó Beanntraighe le h-ualach sprat oidhche amháin. Bí bosca cipín soluis na póca aige agus bhíodar ró fliuch cun lasadh mar bhí an lá ana fliuch. Nuair a tháinig sé go Barra Céim-an-Fiad connaic sé tig breagh uaidh agus cuaidh sé isteach ann. Do cuireadh na mílte fáilte roimis. Do bhí ceoltóir le thais na teine agus é ag seinnt ceóil agus do bhí 9ocailíní agus buachaillí ag rínnce. Nuair a stopadar don rínnce do chuaidh fear mór-thimcheall le pláta ag bailiúghadh airgid agus do thug gach aoinne rud éigin do. Nuair a tháinig sé cómh fada le Seán Ó Laoghaire sé sin an fear a chuaidh isteach, thug sé reul do agus gabhadar buidheachas leis agus dubhradar gur gálanta an fear é. D'fhág sé slán aca annsan agus cuaidh sé amach. Tháinig saghas eagla air, nuair a bhí sé amuigh mar ceap sé ná raibh an tig ann aon uair eile a gaibh sé an bóthar. Annsan cuaidh sé abhaile agus an céad uair eile a chuaidh sé an tslighe ní(continues on next page)
- Collector
- Dómhnall Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Address
- Doire an Aonaigh, Co. Cork