School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-éadach leabthan thúas an staighre ón t-uisge.
Do báthadh ocht tighthe déag a bhí in aice na h-abhann & um tráthnóna ins an áit na raibh na tighthe do bhí abha ann. Do táilliúr ag obair i gceann des na teine tighthe sin & bhí sé na shuidhe in-áirde ar an mbórd in aghaidh na fuinneóige & chonnaic sé an tuille ag teacht. Dubhairt sé le muinntir an tighe go raibh an tuille ag teacht ach níor chreideadar é. Do léim sé anuas de'n bord & chuaidh sé amach in áirde ar carraig árd. Ní raibh sé ann i bhfad nuair a tháinig an tuille. Do leag sé an tigh & báthadh na daoine a bhí istig ann.
Do bhí fear eile na chómhnaidhe i gceann des na tighthe. Do bhí sé in aice tigh na mbó & chonniac sé an tuille. Do bhí ceann tuighe ar an dtig & léim sé in áirde ar & bhí(continues on next page)- Collector
- Seán Ua Liatháin
- Gender
- Male
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork