School: Baile Choitín (C.) (roll number 16110)
- Location:
- Ballycotton, Co. Cork
- Teacher: Caitlín Ní Rignigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mó iad na cluiche a dheineadh na sean daoine fadó. Siad seo cuid is mó dhíobh mar a leanas:-D'imrigheadh na cailíní na cluichí seó: folach fiadhach, "Rounders," "léimrig," "pichi," gabanna, táíplis, "April," luasghadh, "cártaí," "liathróid láímhe," "Snakes agus Ladders" agus phiocaidís bláith ar a dtugtar "nóíníní" agus dheinidís bláithfhleascanna agus slabhraidhe díobh, agus siad na cluichí a imrigheadh na buachaillí ná, "peil," "liatróíd coise," "liathróíd láimhe," "dílse," "táiplis." Do bhíod siad ag iasgaireacht go minich. Cleachtaidís iomrascáil uaireannta ach uaireannta eile do bhídís ag caitheamh an méadh. 'Sí an slighe nar imrighdís iad ná do théígheadh na cailíní i bhfolach agus do théigheadh cailín eile in a ndiadh. Do ghéibheadh na cailíní téad maith láidir fada agus do casadh beirt eile díobh é agus annsan do rithead cúpla cailíní isteach agus an fhad is a bhíod an téad ag casadh agus iad istig do dheinidís an rana mar a lenas:- éádaightheóir, táilliúr, figheadóir, agus baícéir.Nuair a bhíodh na cailíní ag luasgadh cuireadh siad téad láidir ó chrann go crann agus annsan do(continues on next page)