School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
- XML Page 03_026
- XML “Braon Uisce ag Insint a Scéil féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)suas, linn gur shroiseamar na néalta, áit a raibh na mílte braonacha eile mar cinn sinn féín. B'áluinn an rud bheith dhá seoaldh anonn 's anall leis an ngaoith agus ag féachaint anuas ar a raibh le feiceál ar an dtalamh.Lá amháin tháinig gaoth láídir cruaidh agus sheol sí treasna na spéire sinn. Thosnuigheamar ag creathadh leis an bhfuacht agus choinnigeamar go dlúth le chéile ionnus go mbéadh muid compórdach. Tháinig seadadh gaoithe eile abhí i bhfad níós fuaire ná an céad ceann agus thuit cuid againn as na néallta.Nuair a bhíomar ag tuitim go talamh scuabadh sinn annseo 's annsúid. Thuit cuid againn ar na plandaí agus cuid eile ar an chreafóig agus cuid eile fós i sráideanna na gcathrach agus ba mhór an gar é sin do na daoine gan na deannach a bheith ag dul in a súilibh. Thuit an cuid eile againn ins na srutháínibh agus tugadh ar ais sinn go dtí ar n-áit cómhnuidhthe sa bhfarraige.
- Collector
- Caitlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo