Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
- XML Leathanach 03_026
- XML “Braon Uisce ag Insint a Scéil féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)suas, linn gur shroiseamar na néalta, áit a raibh na mílte braonacha eile mar cinn sinn féín. B'áluinn an rud bheith dhá seoaldh anonn 's anall leis an ngaoith agus ag féachaint anuas ar a raibh le feiceál ar an dtalamh.Lá amháin tháinig gaoth láídir cruaidh agus sheol sí treasna na spéire sinn. Thosnuigheamar ag creathadh leis an bhfuacht agus choinnigeamar go dlúth le chéile ionnus go mbéadh muid compórdach. Tháinig seadadh gaoithe eile abhí i bhfad níós fuaire ná an céad ceann agus thuit cuid againn as na néallta.Nuair a bhíomar ag tuitim go talamh scuabadh sinn annseo 's annsúid. Thuit cuid againn ar na plandaí agus cuid eile ar an chreafóig agus cuid eile fós i sráideanna na gcathrach agus ba mhór an gar é sin do na daoine gan na deannach a bheith ag dul in a súilibh. Thuit an cuid eile againn ins na srutháínibh agus tugadh ar ais sinn go dtí ar n-áit cómhnuidhthe sa bhfarraige.
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo