School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mar a dubhras cheana is iongantach an rud é an fhairrge. Garrdha 'seadh í 'na bhfuil gach saghas feamuinne ag fás ann e.g. feamuinn dhearg, feamuinn bhuidhe agus slat mara. Domhan ann feín 'seadh 'na bhfuil éisg mar lucht comhnuidhthe ann. Seo cuid de na h-éisg: An runnach, an scadán, an bhradán, an portán agus an gliomach.Bhí sí chomh ciúin le tubán leamhnachta acht ní bhíonn sí mar sin i gcomhuidhe. Bíonn sí borb glórach agus chuirfeadh sí scannradh ort. Bíonn na tonntracha ag lúbadh agus ag cúbadh fé neart na gaoithe agus dhéanfadh a nglór ngarbh agus ghlór na mara móire thú a bhodhradh. Deirtear annsin go mbíonn "bláth bán i ngarrdha an iasgaire," ach, b'fhearr leis an t-iasgaire gan bláthanna de'n t-sórt sin a bheith 'na gharrdha.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo