Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mar a dubhras cheana is iongantach an rud é an fhairrge. Garrdha 'seadh í 'na bhfuil gach saghas feamuinne ag fás ann e.g. feamuinn dhearg, feamuinn bhuidhe agus slat mara. Domhan ann feín 'seadh 'na bhfuil éisg mar lucht comhnuidhthe ann. Seo cuid de na h-éisg: An runnach, an scadán, an bhradán, an portán agus an gliomach.Bhí sí chomh ciúin le tubán leamhnachta acht ní bhíonn sí mar sin i gcomhuidhe. Bíonn sí borb glórach agus chuirfeadh sí scannradh ort. Bíonn na tonntracha ag lúbadh agus ag cúbadh fé neart na gaoithe agus dhéanfadh a nglór ngarbh agus ghlór na mara móire thú a bhodhradh. Deirtear annsin go mbíonn "bláth bán i ngarrdha an iasgaire," ach, b'fhearr leis an t-iasgaire gan bláthanna de'n t-sórt sin a bheith 'na gharrdha.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo