School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 02_024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 02_024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 02_024
  3. XML “Tráchtas - Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Biadh na Sean-Aimsire.
    Dá béile sa ló d'iteadh na daoine fadó. Fataí agus cáca a dhéanfadh siad as fataí a bíodh aca. Ba ghnáthach le daoine obair a dhéanamh roimh an gcéád béile ar maidin. Bíodh daoine ag dul amach ag iasgaireacht ar maidin agus ní bíodh aon béile ithe aca acht fataí bruichte agus cáca fataí agus uairannta ní bíodh fataí ná aon rud aca agus caitheadh siad mareóchtáil mar sin go dtí go dtagadh siad abhaile sa tráthnóna agus ní bhíodh acu an t-am sin féin acht béile suarach. Fataí agus cáca fataí a d'itheadh siad ag gach béile. D'Ithidís fataí gach lá mar ní bíodh aca acht fataí i gchomhnuidhe. Ní olaidís a lán bainne mar ní mbíodh mórán bainne ann an uair sin. As Ciséoig nó stól a d'ithidís. Ní bhíodh aon bord sa teach mar do bíodh na daoine bocht agus ní bhíodh aon airgead aca le bord nó aon rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dara Ó Conghaile
    Gender
    Male