School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an méid bidh a d'itheadh na sean daoine fadó sa ló na trí béile: béile ar maidin, ar am dinnéir agus béile tráth-nóna agus fataí a bhíodh aca le na n-agaidh bíod faocain agus báirnigh aca leis na fataí. Bíod said 'chuile mhaidin ag obair roimh an mbéile. Bíodh siad ag obair go cruaid agus is amhlaidh theighead dinnéar amach ar an garraidh aca. Ní bhíod an plúr ann an t-am sin agus bhíodh go leór mín bhuide aca agus déanaidís cáca as sin. Bhíod siad ag baint sgeacha le h-aigidh teineadh. Ní bhíod mórán tae aca ach bhíod bainne go leór aca le n-ól. D'ithidis uibheacha Domhnach Cásga. Bíodh ubh no dó ag cuile duine acha an lá sin. Ní bíod aon chupáin aca go dtí le gairid saspáin a bhíodh aca. Bíodh siad ag marbheadál ar biadh an chalaidh.(continues on next page)