School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 06_003
- XML “Tráchtas - Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go h-eascaidh ins an oidhche bíonn aimsear gharbh air. Nuair a bhíonn sé trom dorcha bíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn na madraí ag ithe féir bíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn asal nó capall na seasamh ilár buaile agus a gcloigeann ó dheas aca bheidh an t-Earrach a thiocfaidh na dhiadh go breágh.
Nuair a bhíonn na seilmide, na mialtóga agus na suigáin amuigh bionn baisteach air. - Tá mé in mo chomhnaidhe ar bhaile an Mhóthair an baile is fuide soir ins an Oileán. Tá trí cinn fhichead de tighthe ann agus sin é a raibh ann acab ariamh mar nuair a leagadh teach deineadh teach nua ina áit. Tá dhá theach slinn ann agus teach is fiche de thighthe a bhfuil tuighthe ortha. Is é an sloinneadh Fáthartaigh an sloinneadh is coitchianta ann. Is é an fáth gur bhfuair an baile an tainm sin mar bhí bothar ag rith thríd sul má bhí aon(continues on next page)
- Collector
- Micil Ó Fáthartaigh
- Gender
- Male