School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 06_026
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí triúr mac aige. Nuair a bhí an mac ba shine fásta dubhairt sé go rachfhadh sé ag saorú a bheatha. Bhí siad an bhocht agus ní raibh aon rud aca le nithe. Dimigh an mac ba shine agus bhí sé ag imteacht leis nó go dtáinig sé go dtí teach. Bhuail sé ar an doras agus d'osgail duine dhó é, agus dubhairt an buachaaill leis go raibh sé ag iarraidh obair. Chuir sé é ag baint féir é. Nuair a tháinig sé ins an tráthnóna, bhí an fear istigh agus nuair a tháinig sé isteach bhain sé an cloigeann dhé. Lá eile dubhairt an dára mac go raibh sé i nam aige féin dul ag saothrú a bheatha. Dimigh leis nó gur casadh teach leis agus is é an teach céadna a chuaidh an duine eile ann agus mharbh sé é. I gcionn sgathaim eile dubhairt an mac ba óige go rachfhadh sé ag saothrú a bheatha. Dimigh sé agus bhí sé ag siubhal nó gur casadh sean fhear leis agus bhí ineall aige
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male