School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 05_012
- XML “Rudaí Neamhshaolta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí corach as an Oileán amuigh ag iasgach ar an taobh ó dheas timceall fiche bliadhain ó shoin. Bhiodar ceathair nó cúig mhílte amach o'n talamh agus i lár an lae chonnaic síad fear ina sheasamh san bhfairrge tamall uatha agus faoí cheann tamaill chuaidh sé faoí uisge arís. Bhí fear eile ag tarraingt fataí tamall ó shoin agus nuair bhí sé ag dul aníos le tráigh Leitrigh chonnaic sé corrach ag dul suas le h-ais an crága agus í déanam ar an slip agus nuair a bhí sí gar d'on slip ní faca sé chor ar bith í. Oidhche amháin san ngeimhread tamall ó shoin chuaidh fear síos ag an gcladach ag bailuighadh feamaine. Síos tráigh teach a chuaidh sé agus ní raibh sé acht an aon a chlog san oidhche agus thug sé an mada leis. D'ísligh sé síos san gcladach agus ní raibh aon fheamain ann. Tháinig sé aníos arís agus nuair a dárduigh sé as an gcladach chonnaic sé rud dubh istigh i mbuaile le na ais. Coinnigh sé air agus faoí cheann tamaill dairigh sé an torann i na dhiaidh(continues on next page)
- Collector
- Bairtle Ó Cualáin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Mhothair, Co. Galway