Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 10_007
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ins an oileán seo tráth agus dimthigh sí go Baile Átha Cliath ag saothrú a beatha. Bhí sí deich mbliana ann. Acht tháinig sí abhaile ar deire agus is tigh Máirtín Óig a bhí d'fhan sí nuair a tháinig sí a laethannta saoire. Acht oidhche amháin nuair bhí Mártin ag 'ul síos ag an gcaladh mór ag cur amach na líonta dubhairt sé leí na fataí bheith bruithte aice nuair a thiocfhad sé. Annsin nuair a bhí sé imthighthe ghleas sí iad acht ní raibh fhios aice cá raibh an tobar. Ach chuaidh sí suas go dtí tobar an Chinndeirge agus thug sí as an t-uisge is chuir sí ins na fataí é. Ar deire thainigh Máirtín agus bhreathnuigh sé orra agus ní raibh teas ar bith orra féin ná ar an uisge agus d'fhiafruigh sé dhi cé as an t-uisge agus annsin 'spáín sí dhó an tobar agus d'innis sé dhí annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fathartaigh
- Inscne
- Fireann