School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 06_019
- XML “Scéal”
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin chuaidh trúir iascairí óga amach ag iasgach i gcurrach le spiléid. Ní raibh siad abhfhad amach nuair a tháinig cuma mhór dhubh ar an spéir. Deirigh néal ins an spéir agus tháinig caiple bána ar an bhfairrge idreo go raibh cáthadh na fairrge ag dul isteach ins an gcurrach. Thosuigh sé ag báistigh agus nuair a stop sí tháinig stoirm an-mhór agus marach an balasta a bhí innte aca d'ionnóchaí í leis an ngála. Thosuigh siad ag iomradh go dtí an t-oileán agus d'éirigh leo an baile a fhágail aríst. Bhí an-áthas ortha nuair a tháinig abhaile agus gheall siad nach dtiocfadh siad amach aríst go bráth an fhaid is bhéadh siad beo.
- Collector
- Micil Ó Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Tá laetheannta áirthe ins gach bliain agus ins gach seachtmhain nach maith leis na daoine tosnú ag deanamh rudaí fá leith. Ní maith leó an chapall a shrathrú ná aon asal ar lá chrosta na bliana. Ní maith leó aon ghruaig a bhaint amach nó tu féin(continues on next page)