Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 09_002
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triur fear ar an oileán seo lá amháin ag 'ul amach ag galtáin iasgaigh ar an taobh amuigh de'n oileán. Tá an triúr sin beo fós agus is iad na :Micil Thomáis, Mártín Sheán Peigin agus Páidín Bheairtle Toimín. Ar chuma ar bith nuair a bhí siad amuigh tháinig ceó ar thalamh agus ar fharraighe. Ba é seo Luan Cincíse agus nuair a ghlan an ceó arís chonnaic siad an galtán seo roinnt gar doibh ag tarraingt an tsóil ag Ceann Léime ó dheas agus dimrigheadar iad féin chuice acht nuair a bhiodar i bhfoigseacht leath mhíle di dimthigh si lei agus táinig an ceó arís níos measa fós. Bhi sé ina mheadhon laé faoí seo agus shíl siad nach bhfeicfidhís Inismeadhon go deó arís. Ach ghlan sé rud beag arís acht má ghlan fhéin dárduigh an fharraige chroch Máirtin Sheán Pheigín a chaipín ar cheann des na maidí rámha ag cur i gceill(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhothair, Co. Galway