Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Uair éigin do thuit dream saighdiuirí fogha nimhneach fé bhaile
Mhúirne agus do bhíodar ag creachadh rómpa go fuadrach
chun gur chuir Gobnait Naomhtha stop leo.
Do bhí beacha aici agus do leig sí chun siubhail iad i
ndiaidh an airm. Do dhein saighdiuirí des na beacha san
agus do chuireadar dearg-ár ar na stróinséirí.
Uair eile do bhí pláigh mharbhuightheach ag gabháil tímcheall agus
do bhí eagla a gcroidhe ar mhuinntir Bhaile Mhúirne go
nglaodhfadh an phláigh seo chúcha agus do chuireadar féin fé
choimirce Ghobnatan. Do ghlac sise truagh dóibh agus
do ghluais sí uirthe amach ar bharr chnocáin agus do
dhein mar a bheadh fíoghar nú fáinne mór-tímcheall
le maide a bhí na láimh aice. Do ghuidh sí an
phláigh d’fhanamhaint taobh amuigh den bhfáinne sin
a thug isteach an baile go léir. Níor thug an phláigh
aon chuaird isteach thar an bhfáínne sin agus ní
misde a rádh ná go raibh muinntir an bhaile go buidheach
beannachtach dá chionn. Tá áit i mBaile Mhúirne
fós go dtugtar Goirtín an Phláigh air.
Tá peictiuir den Naomh le feisgint fós i mBaile
Mhúirne agus do bhí buadha iongantacha ag baint leis an
bpeictiuir sin i dtreo go dtógtaí a bhfad ó bhaile é
uaireannta.
Do bhí buadha leighis ag baint leis an mballa leis agus
do bheireadh daoine leo é go minic chun daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)