Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...”
(ar lean ón leathanach roimhe)19
Ag seo tuairisg ar an Sullán - an abha is sia agus is
leithe dá bhfuil i mBaile Mhúirne. Is ag dul i leithead
atá sí ó fhágann sí Baile Mhúirne chun go dtéigheann sí
isteach insa Laoi ar an dtaobh thoir theas den tSléibhín i
Maghchromtha. Ní h-aon iongnadh go bhfuil sí chómh leathan san
mar is mó abha bheag eile ag dul isteach innte.
Tá ar dtúis ag dul isteach innte abha na h-Ínse
Móire agus bharr d’ínse; airís an abha bhuidhe; annsan
an abha gharbh; abha na biuchlann; an Dubhghlas; an
Sullán beag; annsan an fhothrais agus an láine.
Tá a droichid annsan iomarcamhail - tá droichead
Bhéal-Átha-Fionáin agus an droichead Cláir a bhí i
n-aice na Millíní ach atá anois na dhroichead cloiche.
Droichead na h-Áth-leacaidh a tugtar air.
Tá annsan droichead an Mhuilinn Bhaile
Mhúirne. Tá annsan an Sean-droichead mar a
n-iompuightear suas chun na roilige.
Annsan tá droichead Charraig an Adhmuid; droichead
Phuill na bró - i dtaobh a’s nách ar an bpoll atá
an droichead san ach is ón bpoll a h-ainmnightear
é. Fos tá droichead Chonchubhair Uí Loingsigh; droichead
Ráth Laoich; sean-dhroichead Mhaghchromhtha agus droichead
nua Mhaghchromtha. Sidiad na droichid atá uirthe.
Tá páirt den abhainn sin go dtugaimíd
"an loch" uirthe, tímpeall ceathramhadh míle ar faid(leanann ar an chéad leathanach eile)