Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...”
(ar lean ón leathanach roimhe)20
agus tá teipithe ar aoinne a dhroimhneas d’fhagháil amach
Níl sí leathan. Tá mórán de phollaibh san abhainn
agus tá a bhfurmhór ana dhoimhinn.
Tá, ar dtúis, Poll an Átháin; tá annsan Poll
an Ghabhair; annsan Poll-an-Phuicín; Poll an tSéipéil;
Poll Mhaighréide Bhuidhe agus Poll na bhfiacala.
An Poll Gorm; Poll Átha na laidhre; Poll na Bró;
Poll na Seán; Poll an Ché; Poll na Sgórnaighe Charraigh
Chnúchail; Poll na Túrtóige; Poll sgairbh Pheig Ceaptí;
Poll na h-Ínse Riabhaiche agus Poll an droichid; Poll
linn na Mullach agus níl eolas agam-sa ar a thuilleadh
aca.
Sé an áit go dtugann an Sullán a h-aghaidh nuair
a fhágann sí coill Chúm na n-Éag - tríd an
nDoire Leathan agus tríd an lománaig soir chun
bun doire an Chuillinn agus Cúil Aodha ar an
dtaobh theas di. Gort na Tiobradan agus an
tSeana Chluain ar an dtaobh theas di; Baile Mhic
Íre, Túnláin agus Cúil na Cathrach ar an dtaobh
thuaidh di. Cathair Cearna agus an Ráthúnach ar
an dtaobh theas di. Cúil an Bhuacaigh ar an dtaobh
di agus ceann droma ar an dtaobh theas di chun
go sroiseann sí droichead Chochubhair Uí Loingsigh.
Tá lios an Chraosaig agus Carraig an Phúca ar
an dtaobh thuaidh di; tá Prothas, drom an(leanann ar an chéad leathanach eile)