Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá Lios ar Bhaile Mhic Íre agus níor deineadh aon iarracht...”
(ar lean ón leathanach roimhe)47
ná bain leis, deirtear."
"Seadh," arsan gabha, "bainfidh mé triall as pé sgéal
é. Ní chreidfinn go bhfuil aoinnidh sa chainnt sin i
dtaobh liosanna agus púcaí agus meithe den tsórd san."
"Ó, comáin leat, airiú, más maith leat," arsan
feirmeoir "agus má thuiteann aon rud amach bhíodh
a mhilleán ort féin."
Seadh, do fuair an gabha peidhre capaill agus céachta
agus do dhearg sé an lios agus nuair a bhí an méid
sin déanta aige do chuir sé roinnt sgoiltean ann.
D’fhás na gais go breag agus bhíodar ag teacht go
mhaith chun gur tháinig oidhche - amach i ndeire na
Bealtaine - agus d’eirigh stoirm uathbhásach.
Nuair a tháinig an mhaidean ní raibh pioc den
gharrdha le chéile: bhí sé go léir chómh réidh le móin-
fhéar. Sin a raibh ag an ngabha de bharr a chuid
saotháir. Geallaim dhuit nár bhac sé leis airís.
Is féidir na h-iomaraí d’fheisgint sa lios so
fós go soiléir mar níor cuireadh aon ráinn
ann an bhliain sin.