Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0067

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici.

    (continued from previous page)
    67
    sgur daineamhnihhMiadhainniria
    chuir an buachaill
    gairmhsgoile amach go bpósfadh sé an cailín dob áilne
    a bhí sa dáthaigh. Do socruigheadh ar lá áirighthe chun an
    toghadh a dhéanamh agus do bhí gach cailín ar fuaid an bhaill
    á h-ollmhughadh féin chun dul go dtí tig an bhuachalla mar
    bhí sé ráidhte go raibh carr mór airgid aige taréis na
    bliadhanta a thug sé i gcéin.
    An tráthnóna roimis an toghadh do bhí inghean an ríogh
    ag cur 's ag cúiteamh féachaint cad a thárla don bhuachaill.
    Fé dheire do shocruig sí ar dhul ar a thuairisg agus
    siúd léi chun go dtáinig sí go dtí ceardchain ná raibh
    abhfad ó thig an buachalla. Do thóg sí deoch ag
    tobar le h-ais na ceardchan agus chuaidh sé anáirde
    ar chrann a bhí ag fás ar bhruach an tobair féachaint
    cad a thárlochadh.
    Bhí an gabha ag obair sa cheardchain agus tháinig ana
    thart air i dtreo gur iarr sé ar a mhnaoi dul go
    dtí an tobar agus deach fíor-uisge a thabhairt léi.
    Nuair a chuaidh sí go dtí an tobar chonnaic sí
    hu
    an sgáil bhreagh istig san uisge agus do stad sí.
    "Airiú," ar sise na h-aigne féin. "Dá mbeadh a fhios
    agam go rabhas chómh h-álainn san, ní h-annso do bheinn
    ach thuas mar a bhfuil gach cailín breagh sa dúthaigh."
    B’fhéidir nách bhfuil sé déidheannach fós" ar sise
    (continues on next page)
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script