Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)283
ar abhainn na dubhglaise mar ar thugadh cath mór sa tsean-
aimsir. Do buadhadh ar mhuinntir na duithe i gcath
Drom Sean- Bhóth, ach do chruinnigheadar cabhair agus thugadar
aghaidh ar an namhaidh an lá na diaidh san agus d’imreadar
a leithéid d’ár ortha nár fhill fear innste sgéil abhaile
díobh.
Gathair Cearnadh. Tamall beag soir ó thuaidh ó Áth an
Rúaidh losteall den abhainn i dtreo bhaile Mhúirne atá
Cathair Cearnadh nú Cathair Átha Cearnaigh. An Dubhglaire
ns ainm don abhainn ar a bhfuil Áth an bhuaidh.
Ins an liosta de sgéaltaibh ins an leabhar Laighneach ta
-Argain dúna dubhglaire," agus is dócha gurab é sin
ainm a bhí ar Chathair cearnadh sa tsean-aimsir.
Ghort na Beinne. An bóthar ó Mhaghchromtha, tré Chill
na Mharthra, go guagán Carra, téigheann sé thar
chliathan ard na faille ag Gort na Beinne; ag déanamh
leath-chasadh go dtí go sroiseann sé chéim árd mar a
dtéigheann sé isteach i ngleann Eachros.
Tá fothrach sean-chille annsúd agus ceann de sna
gallánaibh is mó i n-Éirinn. Is is an áit sin do(leanann ar an chéad leathanach eile)