Volume: CBÉ 0441 (Part 5)

Date
1935–1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0308

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0308

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Gaillimh aríst é.'
    "Dfhág sí an hata sa gcomhra i gcomhnuidhe agus chuaidh sí fhéin go Gaillimh.
    "Nuair tháinig sí ar ais shín sí aige é - i nganfhios nó gheobhadh sí bualadh (boladh).
    "'Seo anois', adeir sí, 'hata leath-ghuinea dhuit'.
    'Sin é an hata', adeir sé, 'is fiú caitheamh'."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sadhbh
    "Bhí fear ann agus cráin muice aige. Chuaidh sé ar an aonach, é fhéin agus an inghean agus an chráin aige ghá díol. Sadhbh (Samh) ' bhí ar an inghean, agus ní raibh aon Bhéarla aige fhéin. Tháinig jabair agus dubhairt sé: 'How much for the sow?' 'Ná bac le Sadhbh', adeir sé, 'ach ceannuigh an mhuic'."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
  3. Ceart
    "Fear i mBaile na hAbhann dhá bhliadhain ó shoin, bhí sé a' díol capaill ar an aonach - fear eile nach raibh aon Bhéarla aige. Shul má bhí an margadh déanta, d'fhiafhruigh an jabair air: 'An bhfuil sé ceart?' 'Th'anam ag a' diabhal', adeir sé, 'tuige nach mbéadh sí ceart?'."
    [Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór, Eanair 10]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script