Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 117
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is ins an Earrach is mó a phósann na daoine san áit seo. Deirtear gur lá rathmhar is eadh an Aoine chun pósta agus gurbh é Bealtaine an mí is mí-rathmhara sa bhliadain chun pósta.Sul ma phósann an cailín óg an fear óg deineann a h-athair agus a máthair an cleamhnas. Téigheann an fear óg agus beirt fhear eile i gciúineas na h-oidhche go dtí teach an chailín is mian leis posadh agus suideann siad in aice teine bhréagh mhóna agus bíonn siad ag cainnt eathorra féin agus fear agus bean an tighe freisin go deas muinntearda ar chúrsaí an t-saogail - chomh dar is a tá gach rud agus an caoí in a bhfuil an Dáil ar siubhal i mBaile Atha Cliath. Sa deiread thiar thall stadann an cainnt agus seasan duine de na fearaibh i lár an urláir agus cuireann se in iul d'athair agus dá mháthair an chailín an fáth gur tugadar cuairt ortha agus is annsin a tosnuigheann an cleamhnais.Thosnuigheann athair an chailín ag moladh a inghine - chomh maith agus chomh glan is atá sí, comh cneasta agus chomh lágach is atá sí agus rudaí mar sin. Annsin deireann na fir go bhfuil an óg fhear chomh maith leis an gcailín dá bhfeabhas í agus rud eile, go bhfuil teach bréagh aige agus feilm mór fairsing. Annsin geallann an t-athair go mbearfaidh se a ingehan do agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brigidh Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo