Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 134
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomda paidir a bhí acu san t-sean-aimsir acht tá siad imhthighthe as a n-inntin anois. Seo ceann acu:-"Codhlad duit a mháthair go mbeadh mise ar a céasadh amhárach go mbéidh táirne in mo chosal agus mo lámhaibh, go mbéidh troighthe in mo thaobh deas. Crón spionnta (?) ar mo cheann go mbéidh mé buailte 200 uaire ar an gceann, Ámen."Sin paidir a deirti nuair a bhí ár Slánuightheor 'á chéasadh. Deirtear má abrann duine an paidir sin trí uaire roimh dul a codladh dó go mbéidh flaitheas Dé indán do.
Má thuiteann duine ar an mbóthar abrann na daoine,
"Dia linn," agus má cloiseann na daoine dróch sgéal deireann siad " Dia idir sinn agus an ánachain." Nuair a bhíonn duine ag casachtaigh deireann na daoine "Dia linn."Má bhíonn duine ag dul thar an fhairrge go dtí tír eile deireann na daoine, "Go coimhéadaigh Dia slán thú." Má bhíonn duine ag maistreadh agus má thagann duine isteach is ceart, "Go mbeannuighe Dia an obair," a rádh.
Máire Nic Éil, Lárgan- Bailitheoir
- Máire Nic Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo