Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 183
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Snámhaidhthe maithe. Bhí fear na comhnuidhe in Bun Dobháin darb ainm Pádhraigh Mac Eú, Leggar a tugtaoi mar leis ainm air.
Aon lá amháin bhí sé ag deánamh poitín ar bruach Locha cuin agus thainig na gárdaí i ngan fhios do. Rug na gárdaí greim air agus do bhris sé uatha agus leím sé isteach san loch agus do snámh sé treasna na locha go dtí an bothar iarainn i fiche cuig noímeát agus té sé timcheall míle go leith ó Bun Dóbhaín go dtí an bothar iarainn.
Rinnceóir maith, Ta fear na chomhnuide in grianán darb ainm Doimic Nádhraigh. Aon uair amháin nuair a bhí sé ag dul go Sasana bhí mo sean-athair in aoinfeact leis. Dubhairt Doimnic leis an gcáiptín go raibh se in ann gach sórt rinnce a deanamh. Do cuir an cáiptín stá leis an luing agus thosuigh DOimnic ag damhsa. Dubhairt an caíptín le Domnic go raibh se ar an rinnceóir a bfearr a bh ar bord luinge.
Fir Láidre: Bhí fear comhnuidhe i Lárgan darbh ainm Tomás Mac Eú. Tá sé ina comhnuidhe i gCailleán a Bharraigh anois. Aon lá amháin chuaidh sé go dtí an síopa le h-aghaid mála pluír. Thug sé an mála suas lé'n a fhiaclaibh agus do chuir sé é ar druim an asail. Bhí Seán Mac Eú ag féachaint air.- Bailitheoir
- Máire Nic Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Éil
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann