Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 198
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá a lán ainmeacha ar na paírceanna sa bhaile agus ar na cnócaibh agus ar na h-aibhne freisin.
Tugtar Garrdha Beag ar phairc atá againn cé go bhfuil an páirc sin mór agu leathain agus nach bhfuil móran clocha ann. Níl fhios agam c'én fáth a bhfuil an t-ainm, sin air.
An Ubhall Crann mar tá crainte ubhall ag fás ins an bpáirc sin.
Sé Cairrge Mór an t-ainm atá ar sléibh mar tá clóc mór leathan ann agus tá sé an árd. Tá feár ag fás timcheall na cloiche sin.
Tá cnoc eile ann ar a tugtar Carraig na Seabac. Fadó bíodh a lán seabhac ins an áit sin agus ó n-am sin amach tugtar Cairrge na Seabhac ar an áit sin.
Chímid Neifin go soillear on ár dteach. Fadó bhí Fionn ag fiadhac ar an gcnoc seo. Bhí sé ro-dheidheana dó dul abhaile. Rinne Fionn nead nó leabad do fein agus tá an aít sin le feicéal ar an gcnoc fós. Sin é an fát a tugtar Nead Finn air.
Clocha sin ainm atá ar paírc eile mar tá sé lán de clocaibh de gach shórt. Sin é an fáth go bhfuil an t-ainm sin air.An Tobar Paírc sin ceann eile mar tá tobar ar thaobh na paírce.- Bailitheoir
- Cáit Ní Rabhlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo