Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 201](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0094%2FCBES_0094_201.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 201
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 201
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)201
Ar leanamhaint
Sa deiread do cheannuig se é agus thainig an fear abhaile. Bhí an lampa lasta nuair a shrois se an teach agus d’ith se a shuipéar annsin chuaid se in a chodlad mar bhí se tuirse traocta tar éis an turais fada. An uair sin bhíodh na cearcaib istig ins na tighthe ag na daoine agus nuair a bhí an lín-tige go leir in a gcolad agus gach rud ciúin ce thainig go dtí an doras acht an madra ruaidh mar do thainig se abaile ó’n mbaile mór in a dhiaidh an fir. Bhí an doras briste agus bhí spás idir e agus an urlár agus thainig an sionnach isteach. Bhí ocras mór air acht ní raibh aon biadh aige le n-ithe agus céard a rinne se acht na cearca a mharbhuigeadh agus a ite.
Nuair d’éirig an líon-tighe an maidin in a dhiaid sin do chonnaic siad na cleiteacha ar fud an tighe. Annsin d’fheach siad faoin leabaidh agus céard a chonnaic ssiad acht an sionn-ac in a luighe annsin agus bhíodar cinnte go raibh se marbh. Chuaidh fear an tighe amach le h-agaid an sluasad agus nuair a tháinig se isteach do thóg se an sionnac ar an sluasad agus do chaith se amach amach é ar an gcruac aoiligh agus go h-obann léim an sionnach suas agus as go bráth leis go dtí an cnoc agus níor tháinig se arais aris. Bhí an fear ar buile dó féin agus do bhí brón agus brisead croide air freisn.
Nuair a mharbhuigheann duine sionnach deineann se usaid s’á theangain chun dealg a thabhairt amach as láimh nó as cois duine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígidh Ní Cuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Chuimilín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo