School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 433](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0129%2FCBES_0129_433.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 433
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 433
- XML “An Gadaí Dubh ó Dubhán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)n-oighrí.
Lá amháin fuair a rí amach a seilg, agus dubhairt sí leis a mbean wéiteireacht sicín a mharbhú agus an fhuil a choinneáil díthe. Leag sí an báisín faoí'n leabaí agus fuair sí héin isteach sa leabaí a leigint amach go raibh sí a fághail bháis.
Nuair a tháinic a rí abhaile fuair sé un a phárlúis, agus bhí sí sa leabaí agus dubhairt sí leis go raibh sí gul a fághail bháis.
"Dearc," ar sise, "ins a mbáisín seo, chuir mé amach fuil mo chroidhe ann agus a {?} dtioctú na triúr prionnsaí ar ais agam go bhfeicinn iad gheóbhfainn deagh bhás.
Chuir sé fios faoí dhéin na triúr prionnsaí gus an uair a tháinic siad léim sí amach as a leabaí gus dubhairt sí go mbeadh cluifi cárdaí aca.
"Céard a imreós muid?" ar siad san.
"Cé'r bith duine a gheobhfas a' chéad cluife," ar sise, "tig leis a duine eile a chur faoí {g}easaí, agus má fhaghann a duine sin cluife airist tig leis geasaí a chur ar a duine eile."
Fuair siad a' chéad cluife agus cuir sí geasaí ortha sin gan codhlú an tarna oidhche in aon teach, ná 'n darna béile bídh a ithe ins(continues on next page)- Collector
- Eoghan Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Achaidh Thiar, Co. Chiarraí
- Informant
- Pádraig Ó Gáchain
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ráth Muireagáin, Co. Mhaigh Eo