Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim leith-chead bliadhain ó shoin bhí Sagart Páróiste ar an Charraic darbh ainm Sagart Ua Niallaigh. Sagart an miorbhailteach a bhí ann.
San ám seo bhí bean i Mín an Aodhaire darbh ainm Bríghid Ní Beirn. Bhí dha mhuirín na gcómhnuidhe tígh Bhríghde.
Bhí an teach beag agus bhí na muiríneacha ag éirigh mór.
Sa deireadh rann said an gabhaltas eatortha agus bhí Bríghid agus a muirín gabhail a dheánamh teach daobhtha fein. Níor innis said san ám seo dó’n tíghearna-tálaimh Hamilton go rabh sé rannta ar comhair ar bíth acú siocar nach rabh cead acú san ám dhá toit a bhéith ar an ghabhaltas amhain.
Cheil said ar é go rabh an teach réidh lé cionn a cuir air. An uile bhliadhan théidheadh Bríghid síos fhad leis, leis an chíos agus d’iarrfadh sí cead air an teach a chríochnughadh acht sin a mbíodh aicí ar a shan. Bliadhan éigin amhain chuaidh an fear sios acht níor eirigh leis pioc níos feárr.
Seo an rud a rinne Bríghid lá ar na bharach. Lé bánadh an lae bhí sí ag doras theach an tSagart. Ní rabh na suidhe acht an cailín seirbhis a bhí aige. D’fiafraigh Bríghid dí ar éirigh an Sagart. Dúbhairt an cailín go mbéadh sé na shuidhe ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Ióseph Uí Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall