Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 71
- XML “Scéal - An Dinnéar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí doctúr ann fad ó shoin agus bhí cailín seirbhis aige. Lá amhain bhí sé gabhail a thabhairt cuireadh do dhoctúir eile ‘na thígh agus d’iarr sé ar an cailín da chearc a mharbhuigheadh fa choinne an dínneardha.
Rinne sí sin agus nuair a bhí siad bruithte réidh aicí dar léithí gur mhaith léithí iad a bhlás. Bhain sí an cos do cionn acú na shíl sí gur sin an cuid is lugha a mhbéadh crothnughadh air agus d’íth sí í. Chuaidh sí go dtí’n ait a rabh’n fíon ag an doctúir agus d’ól sí slug do. Théith an fíon suas í agus ag teacht thart dí ag gloinne d’amharc sí isteach agus shíl sí go rabh sí án-dóigheamhail.
Dúbhairt sí annsin leithí féin gur gránda an mhaise dí cearc a chuir ‘un tábla agus gan oirthí acht cos amhain agus bhain sí an cos eile dí agus d’ith sí í. Chuaidh sí fhad leis an fíon an dara h-uair agus d’ól slug eile. D’amharc sí ins an gloinné anois agus chonnaiceas dí go rabh sí ag éirigh níos dóigheamhla.
Dúbhairt sí annsin léithí fein gur grandha an rud aicí-sí a dheánamh dha chearc a cuir ‘un tabla ionnsoir uaisle agus dha chos ar cionn acú agus gan cos ar bíth ar an cionn eile. D’íth an da cos do’n chirc eile. Chuaidh sí go dtí’n fíon arais agus d’ól sí slug eile agus d’aithin sí sa gloinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cait Ní Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall