Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 8
- XML “Scéal 2 - An Spád Úr”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear an an bhaile seo fad ó agus bhí spád úr a dhioghbhail air.
Chuaidh sé fhad leis an ghabha. D’fiafraigh an ghabh “Goidé cineál spaid atá dhioghbhail ort”
“O! arsa seisean, Bíodh sé comh géur lé Cloinn Ceánnain, comh ríghin lé Cloinn ‘Ac lochlainn, agus comh cruaidh lé Cloinn tSeághain.”- Bailitheoir
- Caitlín Nic a t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Dimnic Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- (1) Gheibh ciaróg ciaróg eile agus gheibh ceann gan cíoradh éadan salach.
(2) Cuir hata ar bata agus gheobhaidh sé bean i nGleann
(3) Ní thuigeann an sáthach an seang,
‘Sma thuigeann fein ní i n-ám.
(4) Níl fios ag fear an tíghe thall caidé mar tá fear an tíghe bhfos.
(5) Más mall is míthid.
(6) Níor fhan aon long ariamh lé corr nach bhfuigheadh é.
(7) Is glas na cnuic i bhfad uat acht ní féurach.