Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níos lúgha na céad bliadhain ó shoin bhí fear na chómhnuidhe istigh ar an Caiseal i nGleanncoluimcille darbh ainm Diarmad Mór. Fear mór laidir nach rabh fhios aige goidé rud eugla a bhí i nDiarmad. Bhí go maith go dtí oidhche amhain a bhí sé ag dul isteach ag Currantaigh Seárc ag tárrangt ar an Chaisil. Cásadh fear do a thoisigh ag pucadh troda as. ‘Nois níor aithin Diarmad é, bhí fhios aige go maith nach bhfacaidh sé ariamh é acht níor leig sé a cnámh lé aonduine agus in intinn fein “ma’s troid atá tú ag iarraidh gheobhaidh tú do shaith do uaimse”.
Chuaidh siad i ngreimeannai lé chéile agus throid leobhtha isteach loch-inse, síos ag an tSeascán agus bhí an fear eile ag congbhailt Diarmad roimhe síos an cnuic i dtolamh. Throid leobhtha ríth an bheálaigh isteach agus bhí rud amhain ag cuir iongantais ar Dhiarmad an uile bhuille a bhuailfeadh sé air shaoil sé gur ag tabhairt dhorn do mála oln a bhí sé comh bog sin. Nuair a bhí siad ag tárrangt ar amharc an Ghleánna d’innis sé do go ráchadh seisean i laige an chéad solus a tcídhfeadh sé agus d’iarr Diarmad air, ma’s rud go ráchadh gan eisean ghabhail a chómhair go dtiocfadh sé chuige fein arais agus gheáll sé nach ráchadh. Leis sin tcídh Diarmad solus Bócheannáin ar a Ghaineamh agus ar an bhomaite thuit sé i laige. Nuair a thainig sé chuige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Nic Fionngaille
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Dhún na nGall