Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 261
- XML “Amhrán”
- XML “Amhrán Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Seo amhrán a rinne muinntir Tharraigh indiaidh iad atheacht anall as na Stát Aontuighthe”
(ar lean ón leathanach roimhe)san oidhche agam nó an "landlady" le díol tráthnóna.
VI Iar éirghe dam-sa ar maidín gus ag cur mo chos i mo bhrístí.
D'fhiafruigh mé de'n "landlady" caidé súd a bhí ag sgréachadh.
A choileáin óig, a chroidhe, ar sise caidé an seórt tír a d'fhág tú.
Nó ar oibir tú ariamh luaich páighe.
Sin iad na fideogaí ag cruinniughadh isteach na n-oibreannaí.
VII. A's maidín a's tráthnóna ba mise a bhí go h-uaigneach
Ag smaointughadh ar mo mhuinntir gus an t-oileán a bhí mo dhiaidh
Nár mise a bhí óg amaideach a d'fhág mo bhaile dhúthais agus a chuaidh a d'obair ins na StátaíAmhrán Eile
“Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín buidhe”
Amhrán Eile
I. Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín bhuidhe. Maidín aoibhinn Shamhraidh dar liom bhí an domhan i na luighe.
Cé tharlaidh damh ach spéir-bhean a ba deise ach b'fheárr a dlaoi.
Mo chreach! mo léan! agus mo anger sí an bhean do bhreis mo chroidhe
.
II. Ó! 'Dhia gan mise i Monacháin 'gus mé i mo cheannuidhe snáth.
Mo mhuirnín deas i n-aice liom 'gus níor bhfada liomsa an lá.
Go sgairtinn ar an bhiotáilte agus go ndíoladh Máire an cháin
'S go shnámhfainn ar an fhairrge do Mháire barramhail mhná.III A stór, ná bíodh ort buaidhreadh, nó brón, nó briseadh croidhe,
Ní nídh ar bith de'n t-seort sin a sháruigheas spórt an t-saoghail.
Nó dá mbéadh agam sa domhan mhor, is a bhfuil i gcófra ghlas an ríogh
Is duit-se bhéarfainn é mar fhéirann acht éalódh liom mar mhnaoi
IV. Luigfidh mé sa choirnéal agus béidh mé breoidhte tinn,
Ag fiafrughadh de mo mhuirnín an gcíorfadh sí mo chionn.(leanann ar an chéad leathanach eile)