Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 261](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_261.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 261
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 261
- XML “Amhrán”
- XML “Amhrán Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Seo amhrán a rinne muinntir Tharraigh indiaidh iad atheacht anall as na Stát Aontuighthe”
Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.Amhrán Eile
“Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín buidhe”
Amhrán Eile
I. Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín bhuidhe. Maidín aoibhinn Shamhraidh dar liom bhí an domhan i na luighe.
Cé tharlaidh damh ach spéir-bhean a ba deise ach b'fheárr a dlaoi.
Mo chreach! mo léan! agus mo anger sí an bhean do bhreis mo chroidhe
.
II. Ó! 'Dhia gan mise i Monacháin 'gus mé i mo cheannuidhe snáth.
Mo mhuirnín deas i n-aice liom 'gus níor bhfada liomsa an lá.
Go sgairtinn ar an bhiotáilte agus go ndíoladh Máire an cháin
'S go shnámhfainn ar an fhairrge do Mháire barramhail mhná.III A stór, ná bíodh ort buaidhreadh, nó brón, nó briseadh croidhe,
Ní nídh ar bith de'n t-seort sin a sháruigheas spórt an t-saoghail.
Nó dá mbéadh agam sa domhan mhor, is a bhfuil i gcófra ghlas an ríogh
Is duit-se bhéarfainn é mar fhéirann acht éalódh liom mar mhnaoi
IV. Luigfidh mé sa choirnéal agus béidh mé breoidhte tinn,
Ag fiafrughadh de mo mhuirnín an gcíorfadh sí mo chionn.(leanann ar an chéad leathanach eile)