Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0184](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0032%2FCBES_0032_0184.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0184
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)áit mar tá go leor móna ann.
Garraidhe mór. Sé an fáth a bhfuil an t-ainm sin air mar go bhduil garraidhe mór ann.
Páirc na Marcuigheachta. Bhíodh rástaí ann fadó agus sin é an fáth ar tugadh an t-ainm sin uirthe.
Páirch tobair an Dómhnaigh. Bhíodh na sean-daoine ag tabhairt turas ann gach Domhnach fadó.
Garraidhe na gceann. Tugadh cogadh ann fadó.
Páirc na h-aithne. Níl ag fás ann acht aitinn.
Páirc ceapadh na circe.
Páirc na huaine. Mar go bhfuil uain mhór ann.
Goirtín aluinn.
Gort buidhe. Thug siad an t-ainm sin air mar go bhfuil dath buidhe ar an gcréafóg ann.
Garraidhe Mhaitiais. Tugtar an t-ainm sin ar pháirc mar bhí teach af Maitiais Ó Chonaire ann fadó.
Cnocán Droighnín. Tá an tainm sin ar an áit sin mar go raibh sgeacha droighnín ag fás ann fadó.
Bóithrín an Turlaigh. Tá an bóithrín sin ag dul isteach i dturlach.
An geata dubh. Tá an t-ainm ar an ngeata sin mar tá dath dubh air.
Baile Chláir. Tá an t-ainm sin ar an áit sin mar tá an baile suidhte in aice leis an abhann sin an Chlár.
Páircín na bPoll Is páirc bheag í ina bhfuil puill(leanann ar an chéad leathanach eile)