Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuir Ó Néill sgéala chuig Clainn Riocaird dá iarraidh air cothrom na féinne a thabhairt do Reámonn "Dá mbéadh Reámonn sásta le leithead a bhrait de m'oighreacht" a d'freagair Clann Riocaird "ní thiubhrainn an oiread sin dó i ndíoghal ar chogadh ná ar síothcháin". Ghéaruigh ar an bhfonn díoghaltais ag Reamonn agus adtuaidh leis arís agus sluagh mór fear in-a chuideachta.
Bhí Iarthar oighreacht Clainne Riocaird creachta ag Aodh Ruadh roimhe seo agus dá bhrigh sin chuir Reámonn roimhe Barúntacht Liathdroma a chreachadh an turas seo. De réir na gCeithre Máighistrí do bhain sé amach Tigh Neatha, na caisleáin i mBaile an tSrutháin, Doire, Tigh Neatha, Pálas agis ó dheas go Doire Bhunloim roimh lár an lae.
Chruinnigh Clann Riocaird a chuid fear agus ghluais leis le cath a fhreastail do Reámonn. Nuair a bhain sé Mainistir(leanann ar an chéad leathanach eile)