Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin bhí an sgoláire bocht ag siubhal thart agus casadh isteach i dteach a raibh páiste óg ann é. Fuair an sgoláire bocht caidéis do'n pháiste agus dubhairt go mbadh mhór an truagh nach raibh sé féin ag an teach nuair a rugadh é. Níor innis sé níos mó. Bhí máthair an pháiste in imshnidhe go bhfuigheadh sí amach cé an chontabhairt a bhí le h-aghaidh an pháiste. Ach nuair a chonnaic an sgoláire bocht chomh h-imshnidhteach agus bhí sí sgríobh sé leitir agus dubhairt le mathair an pháiste an leitir a thabhairt dó (.1. do'n mac) dhá rachadh sé ag saothrú a pháighe. Nuair a bhí an páiste bliadhain is fiche dubhairt sé go raibh sé ag dul a' saothrú a bheatha. Níor labhair an mháthair tada ach shiubhal go dtí an chómhra agus an leitir a thabhairt dó. Agus dubhairt leis ar chraiceann a chluaise gan an leitir fhosgailt ná í a chailleadh mar go mb'féidir go dteastóch a congnamh uaidh lá eicínt. Dubhairt an mac go gcoinneóch sé a gheall.'Sén ait a ndeacha an mac ag obair ná ag rí a bhí san Aifric Theas. De réir mar bhí an buachaill ag cur na h-aimsire thart ag an rí bhí an-mheas ag teacht ag an rí air. Agus nuair a bhí bliadhain is fiche tugtha 'na sheirbhís aige thug an rí cead dó teacht abhaile ar cuairt tamaillín.An oidhche sul má d'imthigh sé chuir an rí féasta(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Padhraic Mhac Thuaithealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe