Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am a raibh na h-árda ghá ngearradh bhíodh go leór daoine ag obair ar na bóithrí. Bhíodh sgata fear ag obair ar árd agus sgata eile ar árd eile, agus béidir nach mbeadh ach aon Cheannphort amháin ortha agus é ag imeacht ar chapall bán. B'éidir nach bhfeicfeach sé sgata dhá mbeadh ar árd aca acht 'chaon dára lá agus bhí a shliocht ortha: is beag obair a bhi siad a dhéanamh.Nuair a d'fhághadh siad an seans ghabhadh cuid aca abhaile ag obair i na gcuid garranta. An lá seo d'imthigh cuid aca abhaile agus tháinig an Ceannphort ar ais agus chonnaic sé cuid dhá chuid fear imthighthe. Tráthnóna ag dul abhaile dhó chas fear de na fir a d'imthigh abhaile dó agus d'fhiafruigh sé dó go cé an fáth é a dhuil abhaile. Ni raibh fhios ag mo dhuine bocht céard a dhéanfadh sé acht dubhairt sé go dtáinig sgéala chuige go raibh bó leis i dtinneas laoigh. D'fhiafruigh an ceannphort dhó cé raibh an bhó a raibh an laogh aice agus dubhairt an fear gur thiar i mbárr an bhaile a bhi sí. "Fágh seo", adeir an ceannphort, "go bhfeicfidh muid í agus beidh do leithsgéal gaibhte annsin". D'imthigh mo dhuine bocht i na dhiaidh agus a dhóchain mór drugaill air. Bhí go maith agus ní raibh go holc go raibh siad ag tarraingt ar an ngarrdha a raibh na beithigh ann. Dubhairt fear na bó go raibh sí ins an ngarrdha ann-sin thuas agus nach raibh aon call doibh a dhuil níos fuide, ach chuaidh an fear suas go dtí an bhó agus céard a bheadh ann acht bullán.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Fatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Clochar na gCon, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mac Thuaithealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe