Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann agus bhí an-dúil i gcnóthanna aige. Aon lá amháin thug sé leis máilín isteach sa gcoill ag baint chnóthannaí. Nuair a bhí an máilín lán aige shuidh sé síos ghá n-ithe ach sul má bhíodar ithte aige cailleadh é. Sul má bhí sé básuighthe dubhairt sé le na daoine a bhí timcheall air an chuid nár ith sé de na cnothannaí a chur faoi na cheann san uaigh. Bhí fear eile na chomhnaidhe san gcomharsanacht agus an dúil chéadna aige san i gcnothannaí freisin. Nuair a chuala sé an rud a bhí faoi na cheann seisean, tráthnóna déannach chuaidh sé go dtí an uaigh, thóig sé aníos an corp agus na cnothannaí. Annsin thosuigh sé ag briseadh na gcnothannaí ar lic agus ghá n-ithe. Chuaidh séiplíneach an bealach agus chonnaic sé eisean. Rith an séiplíneach go dtí na theach agus dubhairt sé le na mháthair go raibh an fear a cuireadh indé ag ithe cnothannaí thíos sa roilig. "Ní chreidim é nuair nach bhfuil aon tsiubhal agam féin le dul ghá fheiceál". "Téirigh suas ar mo dhruim agus tiubhraidh mise go dtí an roilig thú", arsa an sagart. Rinne sí amhlaidh. Ach nuair a chonnaic sí an fear chaith sí í féin anuas de(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Colm Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe