Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0211
  3. XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aige ar tígh Sgolóigín na Féasóige liaith.'
    - Ó, a rógaire, ars an fathach, is tú do mharbhuigh mo chuid beithidheach indé.
    - O ní mé, arsa mac na baintreabhaighe.
    Faoi dheireadh dubhairt an fathach leis imtheacht go dtí n-a dhriotháir a bhí sé sgór míle ó'n áit. D'imthigh le m.na.B ar an mbromaichín ag teacht suas leis an ngaoith Mhárta bhí caithte agus é ag imtheacht ó'n ngaoith Mhárta bhí ag teacht, nó go dtáinig sé go tigh an dara fathaigh agus gur innis dó gur ag cuartú tighe Sgolóigín na F.l. do bhí. Dubhairt an fathach leis a theach a ghlanadh, gurb é a mharbhuigh a dhearbhráthair an lá roimhe sin. Dubhairt mo dhuine bocht nár b'é. Ach faoi dheireadh dubht an fathach leis a dhul go dtí an tríomhadh dearbhráthair a bhí naoi sgór míle ó'n áit in aice le loch.
    D'imthigh le mac na B. arís ar bhromaicín leis an bhfuadach a bhí aige an dá uair roimhe: ag teacht suas leis an ngaoith Mhárta bhí caithte agus ag imtheacht ó'n ngaoith Mhárta bhí ag teacht nó gur bhain amach teach an tríomhadh fathach. Bheannuigh sé dhó agus d'innis dhó céard a bhí uaidh - gurab é teach Sgolóigín na F.l. é. Ghlac an tríomhadh fathach go fáilteamhail é. Ghléas biadh agus thú lón do'n bhróimín agus dubhairt leis an brat draoidheachta do bhí ar an mballa do thabhairt leis agus é sgaradh [amach] ar an talamh. - Agus, ars an fathach, tiocfa trí cinn d'ealachaibh ar an mbrat, agus bí ar t'aireachas féin - an ceann deiridh a fhanfas ar an mbrat coinnigh í sin agus bhéarfá sí fios duit cé bhfuil tigh Sgolóigín na Féasóige liaith'.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe