Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0213
  3. XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Rinne se amhlaidh agus gach nídh amach díreach mar dubht. an fathach leis. Nuair a choinnigh sé an tríomhadh heala d'iompuigh sí ar an bpoinnte 'na bean áluinn agus thosaigh sí ag cainnt le mac na b. D'innis sé dhi fá n'a taisteal ó thús go deireadh. Agus cé bheadh ann ach inghin le S. na F.l. Dubht sí leis bheith ag imtheacht go deo nó go sroichfeadh sé teach a raibh leath geata adhmhaid agus leath eile mar geata iarainn leis. - Agus, adeir sí, cibé rud a chuirfeas sé a dhéanamh thú ná h'eitigh é; agus má's mise rachas le do bhéilidh chugat beidh tú ceart go leór.
    D'imthigh le mac na B. agus níor stop nó go bhfuair an geata adhmaid amach. Bhí Sgolóigín na F.l. istigh roimhe. - Go mbeannuighidh Dia anseo, arsa m.na.b. - Go b. Dia agus Muire duit a mh. na b. arsa S. na f.l. Nuair a bhí píosa cainnte déanta acu cuir an Sgolóigín mar geasa air a dhul ins an stábla a bhí tamall ó'n teach agus an t-snáthaid mhór a chaill a mháthair mhór na sgórtha bliaidhain ó shoin ann d'fhagháil.
    D'imthigh agus sluasad aige agus thosaigh air ag cartadh, agus nuair a chaitheadh sluasaid amach thagadh [deich] sluasad eile isteach in a aghaidh. Thuit sé síos sáthach brónach do féin nó go dtáinic inghean S. na F.l. le béile chuige, an ceann céadhna an fhios dhó tamall roimhe sin. Dubhairt sí leis a bhéilidh 'ithe. - Ara, ar seisean, cé an mhaith dom é 'ithe agus mé le cur de mo chois tráthnóna? (Dubht an Sgolóig leis mara bhfuigheadh sé an tsnáthad go raibh sé le cur dhá chois.) - Ith do bhéilidh, arsa an cailín leis, agus beidh an sgéal réidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe