Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cnoc ins an áit seo againne agus sé an t-ainm atá ar ná Cnoc na Leice. 'Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin air ná cloch mhór a bhí thíos faoi n-a bun agus aon oidhche amháin cuireadh suas i mullach an chnoic í. Níl a fhios ag aon duine cé a chuir suas í, agus ní raibh aon duine ann a bhí i riocht í a chur suas mar bhí sí na céadta tona meadhchain. Facthas an tráthnóna roimhe sin í agus í thíos ag bun an chnoic, agus ar maidin lá ar na mháireach bhí sí thuas ar fhíor-mhullach an chnoic. Ní raibh aon cheo ó ghrásta Dé anuas a bhí i riocht a chur suas ann mar bhí sí san do-mheadhchan.
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Clochar na gCon, Co. na Gaillimhe