Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0236
- XML “An tÓr i bhFolach”
- XML “An tÓr i bhFolach timpeall Chnocán an Ghréasain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní raibh sé i ndon dul chomh fada leis. 'Sé an cúnntas a thug sé dóibh: "Soir ó Chnocán a' Léasáin atá sé curtha ar aghaidh na gealaighe." Sin é mo chuid-sa seanchuis faoí. Acht go bhfuil sé ráidhte nár fríothadh ariamh é.
- An t-ór i bhfolach timpeall Chnocán an Ghréasáin.
Mícheál Ó Fátharta (14 bl) Cnoc na n-Aille do sgríobh síos ó na mháthaor Brighid Ní Fhátharta.
Fadó riamh a lá bhí lánamhain ina gcomhnaidhe in áit an-uaigneach ar an mbaile s'againn-ne. Aon mhac amháin a bhí acu agus bhí cion an domhain ag a mháthair air. Bhí go leór óir acu agus sé an áit a raibh sé ná i gcroiceann searaigh faoin leabadh. Tógadh an mac go maith agus nuair a bhí sé ina fhear óg bhí sé an-chaithmheach. Bhíodh an t-athair i gcómhnaidhe ag troid leis mar gheall air, ach bhí an oiread cion ag a máthair air go mbíodh sí ag tógáil a pháirt agus tugadh sí corr ghiní dó le na shásadh.
Air aon lá amháin chuir an mac an oiread feirge ar a athair gur thug sé leis an croiceann searaigh ó'n leabadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhátharta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na hAille, Co. na Gaillimhe