Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)feicfidh tú mise agus each dhubh mar Fhaoileán agus mar phréachán ag troid le chéile go h-árd san aér os do chionn. Agus má fheiceann tú mise ag dul i n-íochtar beidh tú brónach agus má fheiceann tú mé ag dul i n-uachtar arís, beidh leat. Agus tiocfaidh trí éan isteach leis an each dhubh agus bí cinnte ar phéire aca sin do chongbáil. Annsin gheobhaidh tú an t-uisge."
Ba ghearr amuigh do'n ghiolla ins an bpáirc go dtáinig an dá eac ós a chionn san aer mar Fhaoileán agus mar phréachán agus gur thosuigh an troid dhíreach mar a dubhairt an each bhán leis an lá roimhe sin.
Nuair a bhí an troid thart tháinig an dá each ins an áit a raibh an giolla, agus an each dhubh ar thrí cosa agus 'na dhiaidh tháinig na h-éanacha agus do rug an giolla orra agus do threóruigh siad é go dtí Tobar na Buaidheartha. Fuair sé na trí bhuidéal uisge mar theastuigh uaidh. Tháinig sé ar ais go h-Albain agus an t-uisge aige. Nuair a fuair inghean Rí an domhain Thiar an t-uisge chuir cuid dhe uirthi féin agus chuir sí cuid eile ar an ngiolla i ngan fhios do'n rí agus annsin chuir pota mór uisge ar an teine agus d'fhiuch sí é agus chuir i ndabhach mhór é. Dubhairt sí annsin nach mbeadh sí sásta nó go rachadh an rí síos agus aníos trí h-uaire ann.
"Ní rachaidh mé muis," ars an rí, "nó go rachaidh tú féin ar dtús ann." Chuaidh sí féin síos trí h-uaire ann agus an giolla trí h-uaire eile agus níor eirigh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ac Thuathaláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padhraic Ac Thuathaláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe