Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann é féin is a bhean. Bhí go leor talamhna aca. Bhí go leor don talamh faoi choirce an bhliadhain seo aca. Nuair a bhí an coirce aibidh tháinic rud eicínt isteach san gcoirce san oidhche ortha agus d'ith sé cuid mhaith don choirce. Dubhairt an fear go bhfanfadh sé 'ghá fhaire' an dara oidhche. Amach san meadhon oidhche d'airigh sé an rud a' teacht san ngarrdha. Shiubhail sé píosa den pháirc acht céard a chonnaic sé ag ithe an choirce acht capall. Rith sé agus rug uirthi is thug abhaile í. Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé léithi.
Chuaidh sé go dtí sagart an phoráiste acht 'sé adubhairt an sagart leis í a choinneáilt mara bhfuigheadh sé aon dhuine dhi. Choinnigh sé í agus bhíodh sí aige ag treabhadh agus ag déanamh chuile obair dhó. An dara bliadhain bhí searrach aice, an treas bliadhain bhí searrach aice, an ceathrú bliadhain bhí searrach eile aice. Dhíol sé na searraigh nuair a bhí siad mór.
Bhí go maith bhí an fear ag imtheacht san gcarr lá. Spréach an capall air. Leig sí béic is chrath sí gach a raibh de thalamh thart timcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe