Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0255

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0255

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0255
  3. XML “Fáisc, Fáisc, a Ribe!”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    - Fáisg, fáisg, a ribe! adeir an chailleach. D'fháisg an ribe agus tachtadh an chú.
    - Congnadh, congnadh, a chapaill! adeir mac na b.
    - Fáisg, fáisg, a ribe! adeir an chailleach. Agus tachtadh an capall.
    - Congnadh, congnadh , a seabhac! adeir mac na b.
    - Fáisg, fáisg, a ribe! adeir an chailleach arís, agus d'fháisg an ribe agus tachtadh an seabhac. Annsin mharbhuigh an chailleach mac na b. agus rinne sí ceithre clocha glasa dhó féin agus dhá chapall, dhá chú agus dhá sheabhac.
    An lá i ndiaidh lá na troda sin bhí an mac a bhí ins an mbaile ag dul thar an tobairín úd agus chonnaic sé barr fola air. -Á, adeir sé, is fíor sin. Maidin lá arna bháireach fuair sé capall cú agus seabhac agus bhuail bothar ar thóir a dhriothára. D'imthigh leis go dtáinic sé go dtí an abhainn, agus chaith an capall de léim dhó í. Nuair a chonnaic maor na h-abhann é sin rinne se iongantas agus adubht, - Níor chaith aon duine an léim sin ariamh cheana acht tú féin a chaith í uair eile lá is bliadhain ó shoin. Chaith mac na h-inghine corna mór tobac chuige, agus d'imthigh leis in a bhealach. Lé tuitim na h-oidhche chonnaic sé solas beag i bhfad uaidh agus ní i ngar dhó. Thug sé na spuir dhá chapall agus níor stad sé agus níor mhór-chomhnuigh gur bhain sé amach é. D'fhosgail bean óg an doras dó agus dubht. sí, - Ó, do chéad fáilte abhaile romhat! Shíl sise gurbh' é a fear é, mar is é an mac eile a phós sí agus ba deacair iad d'aitheachtáil thar a chéile. Nuair a thuig sí an sgéal, d'innis sí dó faoi'n dearbráthair eile agus chuir sí ar a thóir é. Acht dubht.sí leis fanacht go dtigeadh an girrfiadh a lean an mac eile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe