Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh beirt iasgaire amach ag iasgach lá agus is gearr go bhfacadar oileán ag éirighe aníos as an bhfairrge. Chuaidh duine aca i dtír ann agus chuaidh sé isteach sa gcéad teach a casadh dhó. Bhí sean-bhean istigh roimhe ann. Dubhairt sí leis gurb é an t-oileán é, ná oileán draoidheachta, go n-eirigheann sé gach seachtmhadh bliadhain, agus dá gcaithtidhe splannc dhearg air nuair a bheadh sé tirm nach dtiocfadh sé faoi uisge go bráthach arís. Thug sí leabhar do’n iasgaire agus dubhairt sí leis go mbeadh sé seacht mbliadhna dhá léigheamh. “Má fhanann sé osgailte ar feadh na seacht mbliadhna dhuit,” adeir sí, “beidh tú ar an dochtúir is fearr i n-Éirinn.”
Chuaidh an t-iasgaire abhaile agus tosuigh sé ag léigheamh an leabhair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Fionnagáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Mháirtín Pheadair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Fánach, Co. na Gaillimhe